Foreign Language Learning through Interactive Captioning and Revoicing of Clips

forbhreathnú

Úsáideann múinteoirí teanga ábhar closamhairc go minic ina gcuid ranganna ar mhaithe leis an éagsúlacht agus chun míreanna cultúrtha neamhbhriathartha a chur i láthair na bhfoghlaimeoirí, agus níos tábhachtaí fós, chun míreanna teangeolaíochta agus cultúrtha na cumarsáide a chur i láthair i gcomhthéacs cuí.  Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí uaireanta, áfach, tascanna gníomhacha a aimsiú a spreagfadh foghlaimeoirí agus a sheachnódh an fhéachaint éighníomhach.

Bealach spreagach agus bisiúil le húsáid a bhaint as ábhar closamhairc is ea iarraidh ar fhoghlaimeoirí dubáil a dhéanamh nó fotheidil a chur le mír físe (radharc ó scannán, mír faisnéise nó nuachta, píosa anamúlachta, amhrán etc).

Forbróidh ClipFlair cleachtaí agus gníomhaíochtaí, le pleananna ranga, a chabhróidh le foghlaimeoirí teanga na ceithre scil a chleachtadh: scríobh, labhairt, éisteacht agus léamh.

Tá nádúr nuálach ClipFlair soiléir ar dhá bhealach:
» úsáidtear dubáil san fhoghlaim teanga agus
» beidh na gníomhaíochtaí ar fáil ar líne trí ardán gréasáin shóisialta.

Start ClipFlair Studio
Visit ClipFlair Social