aidhmeanna

aidhmeanna

Tá d’aidhm ag ClipFlair dul i ngleic leis na constaicí a bhíonn ag foghlaimeoirí teanga trí chlár foghlama a bhfuil rochtain éasca air a chur ar fáil; clár a úsáideann dubáil (aisghuthú, canadh agus aithris karaoke san áireamh) agus fotheidealú (anótáil físe san áireamh).

Dar leis an tuairisc mheasúnaithe do LeViS, ní hamháin gur chuir na gníomhaíochtaí fotheidealaithe le scileanna teanga na bhfoghlaimeoirí, ach chuir na foghlaimeoirí an-suim i nádúr nuálach na ngníomhaíochtaí.

Tógfaidh ClipFlair ar rath LeViS trí:

» cur leis na bealaí atá ann idirghníomhú leis na míreanna físe, agus gníomhaíochtaí aisghuthaithe a chur ar fáil;

» cur leis an gcartlann gníomhaíochtaí;

» pobal údar a bhunú.

cuspóirí

Is iad cuspóirí ClipFlair:

» creatlach modheolaíochta a dhearadh don fhoghlaim teanga tríd an idirghníomhaíocht idir téacs (scríofa agus labhartha), íomhá (socair nó ag gluaiseacht) agus fuaim;

» ábhar oideachasúil don fhoghlaim teanga a fhorbairt, ábhar a chlúdaíonn na ceithre scil (léamh, éisteacht, scríobh agus labhairt) agus a chuireann béim ar an bhfeasacht chultúrtha. San áireamh anseo tá: (a) ardán gréasáin le comhéadan i 15 teanga, (b) cartlann acmhainní (comhaid nó míreanna closamhairc), i.e. ábhar colsamhairc le gníomhaíochtaí do leibhéil uile CEFR na sprioctheangacha, in éineacht leis (c) na pleananna ceachta (d) meiteashonraí agus (e) treoirlínte do chruthú na ngníomhaíochtaí agus na critéir mheasúnaithe.  Beidh deis ag teagascóirí a gcuid gníomhaíochtaí féin a chruthú nó na cinn atá ann cheana féin a úsáid;

» pobal gréasáin a chruthú, leis na huirlisí 2.0 cuí, rud a thabharfaidh deis d’fhoghlaimeoirí agus do theagascóirí comhoibriú le húsáideoirí eile agus ionchur a bheith acu féin sa phróiseas.  Beidh gné an ghréasúnaithe shóisialta lárnach anseo;

» táirgí an togra a scaipeadh agus a phoibliú.

Start ClipFlair Studio
Visit ClipFlair Social