Úsáideann múinteoirí teanga ábhar closamhairc go minic ina gcuid ranganna ar mhaithe leis an éagsúlacht agus chun míreanna cultúrtha neamhbhriathartha a chur i láthair na bhfoghlaimeoirí, agus níos tábhachtaí fós, chun míreanna teangeolaíochta agus cultúrtha na cumarsáide a chur i láthair i gcomhthéacs cuí. Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí uaireanta, áfach, tascanna gníomhacha a aimsiú a spreagfadh foghlaimeoirí agus a sheachnódh an fhéachaint éighníomhach.
Bealach spreagach agus bisiúil le húsáid a bhaint as ábhar closamhairc is ea iarraidh ar fhoghlaimeoirí dubáil a dhéanamh nó fotheidil a chur le mír físe (radharc ó scannán, mír faisnéise nó nuachta, píosa anamúlachta, amhrán etc).
Forbróidh ClipFlair cleachtaí agus gníomhaíochtaí, le pleananna ranga, a chabhróidh le foghlaimeoirí teanga na ceithre scil a chleachtadh: scríobh, labhairt, éisteacht agus léamh.
Tá nádúr nuálach ClipFlair soiléir ar dhá bhealach:
» úsáidtear dubáil san fhoghlaim teanga agus
» beidh na gníomhaíochtaí ar fáil ar líne trí ardán gréasáin shóisialta.